Beidh ár bhféile “Bealtainiú i Mionloch” ar siúl ar an 23ú Bealtaine in Áras Pobail Mhionlaigh. Cuirfidh muid tús leis an lá ag 13:30 le seó puipéid, agus ó 14:00 ar aghaidh beidh neart ceardlann spraíúil do theaghlaigh ar fáil. San áireamh tá potadóireacht ealaíon ‘s spórt.
Sa tráthnóna, beidh roinnt imeachtaí do dhaoine fásta againn: Tráth na gCeist 18:00, Céilí 19:00 agus ceolchoirm den scoth ag a 20:00. Táimid ag súil go mór sibh a fheiceáil ann! 🥳
