Cé Muid


Fáilte is fiche romhat!

Tá an Ghaeilge á labhairt mar theanga dhúchais sa gceantar ar imeall oirthear chathair na Gaillimhe le cuimhne na seacht sinsear. Ach tá baol mór ann go gcaillfear an nasc sin lenár n-oidhreacht muna ndéantar iarracht faoi leith chun í a chaomhnú anois. Is grúpa deonach é Coiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir a d’ullmhaigh plean chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gceantar le go mbeidh an áis luachmhar seo ar fáil do na glúnta atá romhainn.

Image

Príomhchuspóirí

  • Dearcadh, cumas agus iompar teanga an cheantair a fhorbairt agus a chothú.
  • Líon na gcainteoirí Gaeilge sa gceantar a mhéadú 2% i gcaitheamh shaolré an phlean.

An Plean Teanga

Ag pleanáil don todhchaí.
An Gaeilge a neartú inár bpobal.

Léigh an Plean